School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sise, “agus tá ‘s agam caidé mar dhíol tú an bhó”.
Shiubhal Seaghan leis go dtáinic sé go dtí caislean deas a bhí ann. Bhuail sé ar an doras agus foscladh do é. Tháinic bean an toighe amach agus chuir sé ceist air caidé bhí a dhith air agus dubhairt Seaghan gur foscadh agus dídean na hoidhche. Ní raibh sí sásta sin a thabhairt do, ach indiaidh tamaill diospóireachta thug sí cuireadh ‘un toighe do Sheaghan.
Thug sí go leor le hithe agus le h-ól do, agus d’innis do gur fathach a bhí mar cheannurraidh ar an chaislean, agus go raibh sé amuigh ag seilg, agus ar’ sise, “má fhághann sé amach go bhfuil tusa annso muirbhfidh sé thú agus íosfaidh sé thú”.
Ní raibh i bhfad gur chualaidh siad na coiscéimneacha troma ag tarraingt ar an doras. Chuir an bhean an gasur i bhfolach faoi’n mhóin agus thoisigh sí a’ obair fríd an teach. Nuair a tháinic an fathach isteach(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Anagaire, Co. Donegal