School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 205
- XML “Beirt Iníonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí sí inde. Dubhairt an dara fear gur b'é an pronntanas a bhearfadh seisean dithe feasóg a bheith uirri comh fada le meagal gabhair. Dubhairt an tríomhadh fear gur b'é an pronntanas a bhearfadh seisean dithe, saoghal goirid anróidteach a bheith aici agus í bás tobann a fhághail.
Nuair a shroich sí an baile gan sméara ar bith leithe chonnaic a máthair go raibh sí níos míochmhaire ag teacht dithe ná bhí sí ag imtheacht dithe. Bhí sí ag éirigh níos míochmhaire achán lá 'na dhiadh sin.
Chuaidh na bliadhanta thart agus d'fhás Máire suas 'n-a cailín dheas dhóigheamhail. Nuair a bhí si bliadhain agus fiche de aois, tháinic fear sáidhbir as an domhan thoir agus phós sé í, agus bhí doigh mhaith uirri ',n-a dhiadh sin.
Inghean na baintreabhaige bhí sí ag éirigh níos míochmhaire ó lá go la agus d'fhás feasóg uirri. Thuit gach rud amach mar dubhairt na fir a bhí sa teach bheag. B'éigin don mháthair í chongbhailt i bhfolach agus ní thiocfadh leithe í a leigint amach ar an doras ar eagla go bhfeicfidhe í.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Address
- Anagaire, Co. Donegal