School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 185
  3. XML “An Gadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Billí a cur ar siubhal ar fostádh. Cuireadh amach 'un Lagáin é. Rinn sé margadh le maighistir mór, garbh agus bhí a sháith eagla ar bhillí roimhe. Thug an mháighistir leis n-a bhaile é ar shean-charr.
    Nuair a shroich siad an baile, chuaidh siad 'un toighe agus d'iarr an maighistir ar a mhnaoi bolgam tae a deanamh réidh dó'n ghasúr agus do fhéin. Thug an bhean amach plata beag aráin, agus giobóg ime a raibh saileadh scadhan de shalann air. D'ith billí a sháith go maith agus fuair sé leabaidh chluimhrigh le luighe uirri.
    An oidhche 'r na mharach dubhairt an maighistir go rachadh siad amach a ghadaidheacht agus thoiligh Billí a ghabhail leis. Thug siad leo dréimire rópa agus málaí. Chuaidh siad suas ar mhullach toighe, leig siad an sean-duine síos an simlear leis an rópa agus 'n-a dhiaidh sin chuir siad síos na málaí.
    Líon an sean-duine na málaí agus tharraing Billí agus an bhean aníos an simlear iad agus annsin tharraing siad aníos an sean-duine. D'imthigh siad leo 'n-a bhaile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0130: The Animals in Night Quarters
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac Páidín
    Gender
    Male
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Prionnsias Mac Páidín
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    41
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal