School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 17

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 17

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 17
  3. XML “Seanráite (Seanfhocail)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    230. Is i ndeas do do bhéal a mholas tú é
    231. Is maith an scéalaidhe an aimsear
    232. Is maith scéal gan droch scéal
    233. Is beag an rud a shaluigheas bríste
    234. Is fiunntaighe poll ná paiste
    235. Is doiligh ceann críonna a chur ar cholainn óg
    236. Is fada a leanas an dúthchas
    237. Is treise dúthchas ná oileamhaint
    238. Is uaigneach an nigheachán nach mbíonn léine ann
    239. Is maith Dia go lá
    240. Is doiligh suidhe (saoi) gan locht a fhághail
    241. Íosaidh na muca míne fhéin triosc
    242. Is doiligh droch dhuine a mharbhadh
    243. Is olc an cú nach fiú fead a dheanamh air
    244. Is trom an t-ualach an fhallsacht
    245. Is furust fuinneamh i n-aice na mine
    246. Is maith an scéalaidhe an aimsear
    247. "Is beag an rud nach cuideadh é" mar dubhairt an dreolán nuair a rinn sé a mhúin san fhairrge
    248. Is de'n imirt a coimhead
    249. Is furust brídeóg dhóigheamhail a chóiriughadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish