School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 133
- XML “Triúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uirri an dtiocfadh leithe braon tae a thabhairt daobhtha ná go raibh siad tuirseach ocrach tar éis an aisdir. Dubhairt sí nach dtiocfadh leithe ná go raibh triúr fathach 'n-a gcomhnaidhe sa teach, go raibh siad ar shiubhal fríd an choillidh fá láthair ag cuartughadh éanach, go mbéadh siad 'un toighe ar ball agus go muirbhfeadh siad iad.
Dubhairt an fear a b'óige gur chuma leo fá na fathaigh agus í braon an tae a dheanamh réidh daobhtha ná go raibh sé ag teasdail go cruaidh orra. Rinn sí an tae agus d'ól siad é.
Nuair a bhí an tae ólta aca shiubhal na trí fathaigh isteach. Dubhairt an chéad fhathach leis na dearbhrathaireacha nuair a chonnaic sé iad gur mhór leis i ngreim amháin iad, gur bheag leis ann dhá greim iad ach dá mbéadh gráinín salainn aige go n-íosadh se i ngreim amháin iad.
Dubhairt an fear a b'óige de na mic nach n-íosadh. Thug se léim ar an fhathach agus mharbhuigh sé é.
Tháinic an darna fathach 'un tosaigh(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Domhnall
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal