School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 131
- XML “Triúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach i gcoillidh agus chonnaic sé an teach céadna a chonnaic an muinntir eile. Chuaidh sé caol direach go dtí an teach, bhuail sé an doras, agus tháinic an t-sean-chailleach amach, agus d'iarr sí air a ghabhail 'un toighe.
Chuaidh sé 'un toighe agus shuidh sé ag an teinidh. Thug an t-sean-chailleach trí ribe do agus d'iarr air a chonairt a ceangal i gceann an toighe. Bheir sé ar na trí ribe agus chaith se isteach i gcúl na teineadh iad.
Rinn an t-sean-chailleach tae do annsin agus nuair a bhí sé ar tí an tae a ól, tháinic cat mór dubh isteach agus dhá ruball air. Léim sé suas ar an tábla agus chaith sé a raibh de bhiadh air anuas i lár an urláir.
Dubhairt an fear óg nach leigfeadh sé sin leis agus thoisigh an troid eatorra. Bhí an bhuaidh ag an fhear óg agus mharbhuigh sé an cat. Annsin thug sé leis an t-slat draoidheachta a bhí ag an t-sean-chailligh, bhuail buille uirri(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Domhnall
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal