School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 127
  3. XML “Triúr Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tháinic cat mór dubh isteach agus dhá ruball air. Thug sé léim suas ar an tábla agus chaith sé a raibh de bhiadh annsin anuas i lár an toighe (urláir.)
    D'éirigh an fear agus dubhairt sé nach leigfeadh sé sin leis. Thoisigh an bheirt aca a throid ó cheann go ceann an toighe agus fá dheireadh bhuail an cat é agus mharbhuigh sé é. Go luath agus d'fhág an anál é thug an t-sean-chailleach leithe slat-draoidheachta agus rinn sí cnapán cloiche de corp an bhuachalla i lár an urláir.
    Bhí an mhuinntir a d'fhág sé 'n-a dhiaidh sa bhaile ag éirighe imnidheach ná níor chualaidh siad iomrádh ar bith ar an bhuachaill ó d'fhág sé an baile.
    I gcionn tamaill dubhairt an darna mac go raibh seisean ag imteacht go bhfeicfeadh sé an gcluinfeadh sé iomrádh ar bith ar a dhearbhrathair. D'iarr sé ar a mháthair lon bídh a dheanamh réidh do. Rinn sí dhá thuirtín réidh, tuirtín beag agus tuirtín mór.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Domhnall
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal