School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 119
- XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus creidim go mbéidh sé gearr-dhoiligh na geasa atá orm a scaoileadh”.
Nuair a bhí an t-am ag an fhathach a theacht ‘n-a bhaile rinn mac Ríogh na hEireann fígheadóir de fhéin. Tháinic an fathach isteach agus dubhairt sé, “mothuighim boladh Éireannaigh bhreagaigh, bradaigh, fá mo chuirt agus fá mo chaislean annso anocht”.
“Mothuigheann tú rud nach mothuighim-sé”. arsa inghean Ríogh Chnoc an Óir.
“Ní’l maith de Éireannach, na de Albanach, ná de dhuine ar bith eile a theacht annso, ars’ an fathach, “ná go dtí go marbhuighthear mise ní bhfuigh tusa cead imtheacht, agus béidh sin deacar a dheanamh. Tá crann ag fás ag taoibh an dorais. Tá colaman istigh sa chrann sin; tá uibh istigh sa cholaman; tá eochair istigh san uibh agus go dtí go mbualtar mise isteach sa chroidhe leis an eochair sin ní thig mé a mharbhughadh”.
Níor leig sise dadaidh uirri agus nuair a a chuaidh an fathach i luighe tháinic mac an Ríogh ann a chrochaidheacht fhéin araist.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal