School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 118
- XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis. Ní dheachaidh sé i bhfad go dearn sé colaman de fhéin agus ní raibh sé i bhfad ag cur giota bealaigh de. Tháinic sé go dtí bárr beinne a bhí ann. Chonnaic sé éidheann ag fás ar an bheinn agus gach uile chineal blátha a bhí iongantach deas.
D’éist sé tamall beag agus chualaidh sé ceol istigh san bheinn. Rinn sé fígheadóir de fhéin annsin agus chuaidh sé isteach ar pholl beag a bhí ar an bheinn, agus tcídheann sé isteach uaidh an caislean a ba’ deise a chonnaic sé le na súla cinn ariamh. Chuaidh sé ar aghaidh agus d’amharc sé isteach ar fhuinneóig an chaisleain agus cé tcídh sé istigh ach inghean Ríogh Chnoc an Óir, agus í ag scuabadh an urláir.
Tháinic sé ann a chrochaidheacht fhéin araist agus shiubhal sé caol díreach isteach ar doras an chaisleain. Chuir inghean Ríogh Chnoc an Óir fáilte agus céad roimhe agus iongantas an domhain uirri caidé mar fuair sé amach í.
“Tá mise faoi gheasa annso ag fathach” ar’ sise,(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal