School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 106

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 106

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 106
  3. XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Rinn sé a shuipear annsin agus nuair a bhí a shuipear caithte aige, d’iarr an fathach air a ghabhail i luighe agus go n-amharcochadh seisean fríd na leabharthaí. Ar an h-ocht ó chlog ar maidín mhuscail an fathach é agus bhí a bhricfeasta réidh aige fá na choinne.
    “D’amharc mé fríd na leabharthaí areir” ars’ an fathach, “agus ní’l a leithid de éan ann mo chuid leabharthach, ach tá dearbhrathair damh-sa ‘n-a chomhnaidhe tuairim ar chéad míle as seo. Tá sé ‘n-a mháighistear ar a dhá oiread éanach liom-sa agus b’fhéidir go mbéadh seisean ábalta eolas a thabhairt duit”.
    Nuair a bhí a bhricfeasta deanta ag mac an Ríogh dubhairt sé go raibh sé comh maith aige a bheith ag giorradh an bhealaigh.
    “Tá tú i n-am go leor”, ars’ an fathach, “bheirfidh mise gleas duit agus ní bhéidh tú i bhfad ag gabhail.
    I dtráthaibh an dó dhéag ó chlog, chuaidh an fathach amach agus d’amharc sé uaidh anns na spéirthí. Tháinic sé isteach arais agus d’iarr ar mhac Ríogh na hÉireann a lámh a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Mícheal Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    38
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal