School: Leitir

Location:
Templecrone, Co. Donegal
Teacher:
Proinsias Ó hEachaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 257
  3. XML “Scéaltaí fá Thaibhsí - 14”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in mín a charn uair amháin agus ní thiocfadh le duine ar bith eagla a chuir air.
    Béadh sé amuigh iongantach mall ins an oidhche agus ní bheadh eagla ar bith air.
    Oidhche amhain bhí sé ag teacht na bhaile o'n teach a bhí sé ag airneál ann. Bhí sé ag teacht anuas ailt Peadar Bháin. Bhí oidhche bhréagh ann agus bhí an gealach ag soillsuigadh ar gach aon rud thart. Bhi poll mór giota ó'n bheablach mhór agus d'amharc sé isteach ann.
    Caíde tcí se acht éadach mór geal agus rud eigín mar bhéadh duine ann. Ní rabh fhios aige caide b'fearr do dhéanamh. Shiubhal sé leis giota beag eile Smaoitigh sé annsin gur duine eigín a bhí ag iarraidh eagle a chur air. Phill sé ar ais go dtí go dtáinig sé go dtí an ait, agus chonnaic sé an rud céadhna. Thóg si an t-éadach geal agus bhí fear in-a luighe faoi. D'imthigh sé na bhaile nuair a tháinig sé un toighe thuit se i luige Fear a fuair bás mí roimh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish