School: Leitir

Location:
Templecrone, Co. Donegal
Teacher:
Proinsias Ó hEachaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 222
  3. XML “Leigheasanna i Leitir Mhic an Bhaird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Léighiseannaí :- i Leitir ‘Ic an Bháird
    Nuair a bhíos an bhó caithte, sé an leigheas í a thomhas.
    Nuair a bhíos múin folach ar an bhó doighthear rideogach diotha.
    Má ghearrann tú do mhear agus giota de thobac a chuir air tiocfhaidh biseach air.
    Má bhíonn faithne ort, agus preata a chuir i gclaidhe go mbéidh sé lobhtha imtheóchaidh sé duith.
    Dá mbéadh cos nimhneach agat agus an madadh é a lighe imtheochaidh an phian aistí.
    Má dhoigheann tú do mhéar agus uachtar bainne a chuir air tiocfhaidh biseach air.
    Ma sgriobann an cat tú agus tú cuiud dé’n fhionnadh a chuir air tiocfaidh biseach ort.
    Ma bhíonn do shúil nimhneach agus tú ruball chait dhuibh a chuir uirthí, tiocfaidh biseach uirthí.
    Dá mbéadh do chos leonta agus duine éigin snáithe leónta a dheánamh duit, gheobhaidh tú biseach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Chailín
    Gender
    Female