Nuair a bhí an sagart mór Ó Dómhnall i gceanncasladh bhí beathach bréag aige shíl sé nach (racfad) rabh leitheid de bheathach i n-Éirinn. Bhí sé lá amháin bhí sé ag gabhail treasna tráigh an chéididh agus dhubhairt sé leis féin gur bhréagh an bheathach i agus bheannuigh (tú) sé ina chroidhe í. Tháinig sé na bháile, chuir sé isteach sa stabhlá í agus cuaidh sé isteach un toighe. Nuair a tháinig sé amach arís bhí an bheathach ag faghail (f) bháis. D’fiach se achan léigheas a dtiocfad leis smaointeadh air ach ní rabh léigheas ar bhith (m) abáltá biseach a dheánamh dí. Ach bhí bean san áit ar a dtugtaoi Máire an dubhaltar agus bhí sí tugtha do pisreogacht. Cualaidh an sagart iomhradh uirtí seo agus tug sé amach ar bhéalacha na h-altóra í. San deireadh d’iarr duine eiginteacht air cuir fa coinne mháire. Ní rabh fhios aige cia’ca rachadh no nach rachadh, ach ba é an deireadh a bhí air, gur chuir sé teachtaireacht fá choinne mháire agus tháinig sí. D’amarc sí ar an bheathach agus (d’amarc) dubhairt sí leis. Táinig tusa treasna tráigh eiginteacht agus bheannuigh tú an chapall in do, agus bhí tú de’n bharamhail nach rabh an bheathach i n-Éirinn cosamhail leis. Dubhairt sé go dtearn sé sin. Dubhairt máire paidir os cionn an bheathaigh, agus bhí biseach uirtí lá thar na bharach. Ó sin amach níor dhubhairt sé a gach i n-éadán Mháire.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »