School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 99

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 99

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 99
  3. XML “An Sagart Mór Ó Domhnaill as Ceann Caslach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí an sagart mór Ó Dómhnall i gceanncasladh bhí beathach bréag aige shíl sé nach (racfad) rabh leitheid de bheathach i n-Éirinn. Bhí sé lá amháin bhí sé ag gabhail treasna tráigh an chéididh agus dhubhairt sé leis féin gur bhréagh an bheathach i agus bheannuigh (tú) sé ina chroidhe í. Tháinig sé na bháile, chuir sé isteach sa stabhlá í agus cuaidh sé isteach un toighe. Nuair a tháinig sé amach arís bhí an bheathach ag faghail (f) bháis. D’fiach se achan léigheas a dtiocfad leis smaointeadh air ach ní rabh léigheas ar bhith (m) abáltá biseach a dheánamh dí.
    Ach bhí bean san áit ar a dtugtaoi Máire an dubhaltar agus bhí sí tugtha do pisreogacht. Cualaidh an sagart iomhradh uirtí seo agus tug sé amach ar bhéalacha na h-altóra í. San deireadh d’iarr duine eiginteacht air cuir fa coinne mháire. Ní rabh fhios aige cia’ca rachadh no nach rachadh, ach ba é an deireadh a bhí air, gur chuir sé teachtaireacht fá choinne mháire agus tháinig sí.
    D’amarc sí ar an bheathach agus (d’amarc) dubhairt sí leis. Táinig tusa treasna tráigh eiginteacht agus bheannuigh tú an chapall in do, agus bhí tú de’n bharamhail nach rabh an bheathach i n-Éirinn cosamhail leis. Dubhairt sé go dtearn sé sin. Dubhairt máire paidir os cionn an bheathaigh, agus bhí biseach uirtí lá thar na bharach. Ó sin amach níor dhubhairt sé a gach i n-éadán Mháire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. soothsayers (~116)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín na Manrach, Co. Donegal