School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 93

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 93

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 93
  3. XML “An Sgilín-Man”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ina chomhnuidhe ar na dubh -charraidh fadó agus bí sé ag gabhail síos go Mín Doire na sluagh le peire bróg a fhaghail deánta ag an ghreasaidhe. Ach ar a bhealach anuas rinneadh folachain air, agus marbadha é. Nuair a thug a mhuinntir fhéin dúil do theacht arais chuaidh amach a chuartughadh, agus i ngleann eadar dhá loch fuair siad é, agus lorg na gcos thart fa'n áit. Fuair an dearbhrathair eile sgeallbóg de bhata dhub droigheann, chuir an dearbhrathair an sgeallbóg ina phóca. Thug siad na bhaile é agus rinne siad é a fháire agus cuireadh é. Bhí teach comhgarach do'n áit, agus fágadh air an teach sin é gurbh' iad a mharbhuigh é ach choinnigh siad sin aca fhéin.
    Fá thuairim mí na dhiaidh sin bhí dearbhrathair an fhir i dtoigh na comharsan, agus ce tháinig isteach ach duine de na fir seo. Bhí an bhata dubh droigheann leis, d'amharc an fhear eile ina phóca, agus thóg sé amach an sgeallbóg agus d'fhóir sé isteach ins an aillt bheag a bhí sa bhata.
    Annsin dubhairt sé leis, sin an bata a mharbhuigh mo dhearbhrathair-sa.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Seosamh Mac Giolla
    Gender
    Male
    Age
    86
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal