Bhí triúr gasúr as Mín-na-Manrach, d’arbh ainm Eoghan, Conall, agus Pádraig, ag imteacht go h-albain, agus ní rabh bearla ar bith aca. Nuair a chuid siad fhad le Leitir-ceannainn chonnaic siad beirt fhear ag cainnt ar an t-sraid. Reat fear eile isteach fhad leo agus dubhairt “us three together” Bhí an oiread sin bearla ag Eoghan. Shiubhail siad leo giota eile agus chualaidh siad fear eile ag rádh “Us three must be hung” Bhí an oiread sin bearla ag Conall. Shiubhail siad leo giota eile, agus chualaidh siad fear ag rádh, “I suppose”, bhí an oiread sin bearla ag Pádraig.
Shiubhail siad amach an bealach mór annsin gur casadh fear marbh daobhtha, Seasuigh siad os chionn. Níorbh ‘fada go dtáinig na gárdaí, Chuir siad ceist ar na fir. (Caide) cé mharbhuigh an fhear seo. Dubhairt an chead fhear “Us three together” chuir siad ceist ar an dara fear annsin agus dubhairt se, “Us three must be hung”. Cheistigh siad an tríomhadh fear annsin, agus dubhairt sé. “I suppose”. Annsin crochadh an thriúr aca.