School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de'n gadaidhe ar sise. Is doiligh damh é gus mé ar cúl
mo chinn sa teinidh, tháinig an dearbhrathair agus thoisigh an
bhéir uirthí, Phíoc an seabhach na súile aistí, agus stroc
an cú ina ríbhiní í. Nuair a bhí sí thóir a bheith marbh
d'iarr sí ortha i fhágail beo, agus go dtabhairfeadh sí an
mac eile daobhtha. Thug sí slat draidheachta daobhta le
é deanámh beo. Bhuail siad é leis a t-slat draoidheachta
agus d'éirigh donn arís, agus nuair a bhí siad ag tarraingt
ar chailsean an Rí, dubhairt dubh go rabh sé ag a bhean aréir.
tionnthuigh donn thart agus mharbh sé é. Nuair a chuaidh siad
'un an chaisleán, dubhairt sise caidé bhí ort aréir ar sise
nuair a tharraingt cú an claidheamh aníos eadarainn. Níor
lobhair sé ar chor ar bith bhí fhios aige go rabh se conthroilte
thug sé leis an slat draoidheachta, agus rinne beo a dá
dearbhrathair eile agus chuir na bhaile iad agus d'fan sé fhéin
i gcaisleán an Rí go lá a bháis. Pádraigh Ó Gallchobhair
Bothair na ceidhe
do scríobh- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal