Sa t-sean am bhí fear ina chomhnuidhe idir an Dubhcarraigh agus Baile na Finne. Bhí nighean aige agus ba é an t-ainm a bhí uirthí Finn, agus bhí mac aige fosta d’arb ‘ainm “Fardhómhan”. Duine aistigheach a bhí i Fardhómhan mar bhí sé easumhail o nadúir - an rud a d’iarrfaidhe air a dheánamh ní dhéanfadh sé é, agus an rud a d’iarrfaidhe air gan a deánamh ba e sin an rud a deánamh sé. Ach bhí sé ina gaisgidheach iongantach maith agus bhíodh an láimh as bárr aige i gcomhnuidhe i gcomórtaisí dornála, corraidheachta agus iománaidheachta. Bhí sé ar fheabhas ag reathaigh, ag snámh, ag léimnigh, ag caitheamh an mheadhchain, agus cluithche eile mar sin. Tugadh Gleann Leithín ar an áit a rabh siad ina gcomhnuidhe, agus Cruach Leithín ar an chnoc. Bá gnathach leis fhéin agus le na thrí mhádadh an chuid a b’mhó de’n am a chaitheamh. Ag seilg fá na gleanntáin ag ruaghadh corrfiadh fá na h-árdáin agus ag breith ar bhric agus ar brádáin fá na lochannaibh na h-aibhneacha, agus na srútháin Shuaimhneacha sléibhe i n-iargcúltacht na gcnoc. Is iomhdha uair a tháinig an fhiann as Almúin le seal fiadhaigh a chaitheamh fa’n chompoll ceadhna. Bá iadsan a d’innis do go mbhéadh Féis i dTeamhar na Ríogh i n-aithghiorracht i na dhiaidh sin.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »