School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 50

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 50

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 50
  3. XML “Mar a Tháinig na Dreamanna chun an Cheantair seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ina chomhnuidhe i gCró-Pádraig fad o shoin, darbh ainm Seán Ó Caslaigh, ní raibh aige acht a bhean agus a nighean. Oidhche amáin i lár an gheimhridhe tháinig na trí buachaillí seo isteach aca agus iad choir a bheith siocfaidh leis an ocras. Ní rabh biadh ar bith ag Seán, ach mar sin fhein marbh sé caora daobhthe. Choinnigh sé iad go maidín agus nuair a bhí siad ag imteacht chuir Seán cheist aran Dúirnín an bfanochadh se aige, agus go dtabhairfadh sé iomlán a chuid maoine do. Acht bhí lán scála d’ór aige agus ní thabhairfeadh sé sin do, chuir se i bfolach i mbun binne agus chuir scraith-glas ar a mhullach. Acht chonnaic an Duirnín é, deánamh seo agus cupla lá na dhiaidh sin bhí se gabhail go Bealach-Feidh le fircín ime, chuaidh sé fhad leis an bhinn tóg an scraith agus fuair an t-ór, ní thug sé leis acht dá ghiní dó agus chuir an scraith ina áit arís. Ní rabh leigheadh ar bith ag an t-seanduine acht cruithnuigh sé an dá giní.
    D’athruigh sé an t-ór go dtí áit eile. Nuair a tháinig an gasúr arís d’innse se do’n bean go bhfuair sé cuid [ói]? Sheán, “dtug tú leat a ghach de” arsa sise, “thug me liom dhá giní” arsa seisean. “Bhal a leanbh” ar sise. “Tabhair leat treán de ar sise agus ceannuigh culaith eadaigh duit fhein agus rudaí eile atá a dhith orainne. Acht an lá a bhí sé gabhail arís ní rabh an t-ór le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Bean Uí Bhailis
    Gender
    Female
    Age
    58
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal