Sa tseán am ní rabh droichead ar bith treasna ar abhainn na gCnoc. Bá gnáthach leis na daoine ghabháil treasna ar na carraiceacha cupla slát ó's cionn na h-áite a bhfuil an droichead anois. Bhí caonach liath ag fás ar na carraiceacha seo. Bhí ceardcha, síbín agus cupla teach osda ann. Baisteadh an Clochán Liath ar an bhaile bheag ( Dungloe ) atá air i mbearla acht seo mar tháinig an t-ainm.
Bhí dearbhráthair dé Ó Domhnall as Dún na nGall ina comh-uidhe comhgarach dé Áilt a Chorain " An Dalach " a bheirtí air. Bí caislean no Dún aige san áit sin, agus bhí badh'bhun (?) buailteachas suas i Litir Mhic a Báird ara clochbualadidh. (?) D'imthigh an Dalac é fhéin agus a chuid fear suas lá ámháin lé seál séilge a dheán am ann. Níor fhág sé indhiaidh sa dún acht a bhean agus cupla buachail fas toid.
Cáidé bhí ach taoiseach eile i Machaire a Rabhartaigh agus ní rabh an bheirt ar na h-óig le na chéile. Nuair a chualaidh an Rabhartach go rabh an
(continues on next page)