School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
Dunglow, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
Scéal fá Dhónall Ó Conaill - Féasta an Rí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 42

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Rinne Ríogh na sasana réidh feasta a bfad o shoin. Thug sé cuireadh do Dhomhnall Ó Conaill agus morán daoine eile. Nuair a leagadh isteach an tabhla, agus cuireadh na cupaí air, tug an ghiorsach seirbhiseach fa dear go rabh nimh i gcupa Domhnall agus sé an rud a dubhairt sí.

“A Dhomhnall uí Conaill an dtuigeann tú gaedilg”
“Tuigim a chailín caidé sin is lear duit”
“Tá rud in do cupa a mairbhfeadh na ceadtaí”
“Ma tá sin a chailín geobhaidh tusa na ceadtaí”.
Chuir sé a lámh ina phóca, agus chaith lán a dhiurn d’airgead gheal siar faoi’n tábla. Thug acan dhuine grab ar an airgead. Nuair a bhí siad uilig ag cruinnuí an airgid, ní thearn Domhnall ach a chupa fhéin a chuir i n-áit cupa an Ríogh. Shuidh siad uilig síos ina n-áiteanna arís. D’ith siad agus d’ól siad a saith, agus go díreach nuair a bhí an feasta cor a bheith thart, thuit an Ríogh i n-áit na mbonn. Agus ní rabh fios ag duine ar bith ach duine amháin cáidé thug a bhais ba sin Domhnall O Chonall.

Informant
Gráinne Bean Mhic Cnáimhsighe
Gender
female
Age
36
Occupation
feirmeoir
Address
Dunglow, Co. Donegal
Language
Irish