School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 37

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 37

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 37
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    My cares in this world are few
    And few are the tears will fall for me
    When I go on my way to you
    Nach gcuirfeadh, i leightheóir?
    Comh luath a’s bhí a mbricfeasta ithte aca thug siad na caiple amach as an stáblá. Chuaidh siad a mharcaigeacht orrtha agus annsin thug an dá comhrádaidhe a ndruim do chéile. Chuaidh Bruadar ó thuaidh ag tarraingt ar an bhaile, agus chuaidh Daibhídh Ó dheas ag tarraingt ar chaisleán an ríogh.
    Nuair a sroich sé an chaisleán níor fhan sé go bfhosglaidh an geafta dó ach chuir sé na spóir san éich, agus glan sí an bhalla dé léim. Bhí clog taobh istoigh de’n bhalla ar a dtugtaoi “Clog an Chomhraic” mar nuair a thiocfadh laoch ar bith leis an bhulaidhe a throid, bhuailfeadh sé ar an chlog sin, agus annsin thiocfadh an bulaidhe amach aige.
    Nuair a chonnaic Daibhídh an chlog bhuail sé buille laidir misneamhail air lé na chlaidheamh. Bhí an rí agus an “bulaidhe” na suidhe sa pharlúis ag ól deoch agus ag comhradh nuair a chualaidh siad an buille. “Sin laoch a bhearfas dó sháith duit” ars’n Rí “níor buaileadh a léithéid sin dé bualle go foill”.
    “Nach bac liomsa” ars’n bulaidhe “nuair a bhéadeas mise réid leis ní fiú é thógail ón talaimh”. Sgairt an Rí ar an ghiolla, agus dubhairt leis, an laoch a bhuail an chlog a thabhairt i lathair. Tugadh i lathair é agus chuir an rí ceist air an dtroidfeadh sé an bulaidhe. Dubhairt daibhídh leis go bhfiachadh sé leis ar scór ar bith. Ar a chliuinstin seo do’n bhulaidhe leig sé gáire beag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal