School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 32

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 32

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 32
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Lá thar na bharach indiaidh an stócach theacht ‘un tigh, bhí Carán agus a mhac ag cainnt air.
    “Athair arsa bruadair “Ní thomhaisfeá cáidé bhí mé smaoitheamh air”.
    “Caide” ars’n t-athair.
    “Tá” arsa bruadar “gur chóir duit iarraidh ar an ghasúr choimhthigheach fanacht againne níos mó. Tá na gasraí eile a mó bhualadh ar an sgoil, agus cuideochaidh seisean liomsa”.
    “Bhal go díreach” arsa Carán “tá oiread saidhbhreas agam-sa a’s dheánfas sibh bhur mbeirt, rith bhur saoghal agus tá mé cinnte go mbéidh sé ina chompánach maith agat-sa. Ach ní iarfaimid air fanacht go dtí’n lá sul i n-imthigh an long. Béidh dúil níos fearr aige san áit seo annsin”.
    “Maith go leór” arsa bruadair agus fágadh an scéal mar sin.
    An lá sul ar imthigh an long, bhí Carán agus an stócach amuigh ‘na suidhe ar an t-suidheacha t-shamhraidh a bhí san ubhallghort taobh toir de’n teach.
    Ba ro-bhréagh an lá é, an grian ag soillsuighadh ó spéir ghorm ghlan. Ceól na n-éan lé cluinstean ar gach taobh an ghaoth ag bógad go cuín, ciúin fríd na crainn , a bhí ag cromadh léis an mhéid ubhal a bhí orrtha. Leothnaí boga ag teacht andeas, agus boladh cumhra na mblath leo, ón tír a mbhionn sé na samhradh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal