School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 30

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 30

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 30
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    greim bídh lé trí lá roimhe sin. D’iarr an fear air theacht isteach cinnte agus go bhfuigheadh sé neart le [h-ith]? Nuair a bhí an bhiadh ithte aige, d’iarr an fear air dhul a luighe nó go gcaithfeadh sé bheith tuirseach. Ach sul a deathaidh ‘n stócach a luighe, dubhairt sé leis an fhear gan an long a leigint ar shiubhal, go mbeadh seisean leithe. Dubhairt an fear nach raibh baoghal ar sin nó gurbh’é a bharamhail nách mbeadh sí ag imteacht go cionn cúpla lá ara laighead. Mar go gcaithfidhe s cuid seóltaí a choireadh agus lón a chur inntí. Chuaidh an stócach a luighe annsin agus ba é codhluigh go sáimh.
    Carán a b’ainm do’n fhear seo agus bhí sé iontach saidhbhir. Bhí sé pósta agus ní raibh aige ach an mhach amháin agus Bruadhar a b’ainm do-san. Nuair a thainic Bruadar na bhaile an sgoil tráthnóna, chuaidh sé síos un t-seómra lé na mhála scoile fhágail ann, ach nuair a chonnaic sé an gasúr coimhthigheach ‘na luighe sa leabhaidh rith sé aníos go gasta agus ar seasean.
    “Athair ca bhfhuair sibh an strainsear seo” “O” ars’ an t-athair “sin gasúr a thainic isteach leis an luing sin tíos, agus tá sé i ndeireadh na péice. Tháinic anaithe mhór orrtha tá mí o shoin. Briseadh na seóltaí agus siabhadh amach i lár na fairrge iad. Chaill siad a mbealach, báitheadh a gCaiptín agus níor bhlais siaid greim bídh lé seachtmhain. Béidh sé ag imteacht í gcionn cúpla lá nuair a gheobhfhas muinntir na luinge í feistighthe agus lón inntí, agus coinneochaidhmuid sinne é go dtí sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal