School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d’innis do’n Chaiptín go bhfacaidh sé rud dubh amuigh i lár na fairrge, agus nach raibh fhios aige caidé bhí ann. Murab ‘éan a bheadh ann. “Tarraingeochaidh sin air ar scór ar bith” ars an Caiptín. Tharraing. Nuair a bhí siad níos comhgaraidhe dó, chonnaic siad gur oileáin a bhí ann. Agus nuair a tháinig siad fá mhíle dó, chonnaic siad go rabh tighthe ar an oileán. Nuair d’éirigh an fhairrge ró-thanaidhe ag an luing, Cuireadh amach na bádaí beaga, agus isteach leobhtha go léir.
Ní bhfhuair an stócach isteach go raibh na daoine eile uilig istoigh a chead uair.Nuair a chuaidh sé isteach, chonnaic sé teach mór thuas ar thaobh cnuic, giota maith ón tráigh. Bhí na ballaí a bhí air comh geal le sneachta siabhtha, agus bhí crainn dheasa ag fás thart fá dtaobh ded. Dar leis fhéin go raibh na toighthe a bhí comhgarach líonta leis an muinntir a chuaidh isteach roimhe, agus go rachfadh seisean suas go dtí an teach seo. Suas leis.
Bhuail sé ag an doras agus tháinig fear measardha aosta amach. B’furust a aithne air go rabh sé doigheamhail uair amháin. Agus leoga níor chaill se morán de go foill, ach go rabh corr ruic ‘teacht ‘na éadan. Bhí feasóg, fhada bhán air, agus ceann dubh gruaighe, a raibh corr ribe liath a teacht ann. D’fhiafruigh sé de’n stócach cia ‘rbh’ ‘as a dtáinig sé. Dubhairt an stócach go raibh sé ar an luing a tháinic i dtír agus go raibh sé chomhair a bheith caillte leis an ocras. D’innis sé do fá mar cailleadh an Caiptín, agus nar bhlais sé fhéin na aon duine de’n fhuirinn(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal