School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus slán mar a h-innistear é, i bhfhad uainn ‘ach olc a’s ‘ach urchoid i gcrainn a’s I gclocha, a’s i mbeannaibh fuara fairrge, thuit sé amach ar Mhullach a chinn agus báitheadh é. Cuireadh na bádaí beaga amach ach ní rabh gar ann. Ní fhachthas ariamh é ó chuaidh sé síos.
Bhí muinntir na luinge i gcás cruaidh anois. Chaill siad a gCaiptín, agus chaill siad a mbealach. Bhí siad ar seachrán ar an fhairrge mhóir. Ghlac an fear in-aici do,n Chaiptín, cúram na luinge air fhein agus thug sé a aghaidh ó dheas leis an ghaoith. Bhí siad ábálta an seól ‘iomchar go measardha anois, ach ní rabh fhios aca cá rabh siad ag tríall. Ach i gcionn seachtmhaine thoisigh dhá thaobh a ngoile chur orrtha. Bhí an bhiadh raithte, agus cá bhfhuigheadh siad tuilleadh? Ba í sin an cheist.
Shéoladar leo cúpla lá eile ag dúil rith an ama go bhfeiceadh siad talamh, ach dheamhan staidhm. Bhí siad amuigh i lár na fairrge móire anois, gan biadh, gan deoch, agus gan fios aca cá dtabhairfadh siad a n-aghaidh. Bhí cruaidh go leór.
Chruinnigh siad le chéile go bhfheicfeadh siad cáide bhí lé deánamh. Ach ní rabh fhios ag aon dhuine. Sa deireadh dubhairt an Chaiptín úr, go gcaithfeadh cuid aca, an chuid eile ithe. Scannruigh gach duine, dar ndóighe, ach go n-airighthe an stócach, [No]? smaoithigh sé gurab eisean an chead duine a d’íosfaidhe, mar nach raibh daoine muinteardha ar bith leis, le troid ar a shon.
Chuaidh sé suas crann an t-seóil le dhul i bhfholach orrtha. Ní raibh sé i bhfad thusa go bhfacaidh sé rud dubh amuigh i lár na fairrge, i bhfhad uaidh. Anuas leis agus(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal