School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhad a bheadh siad ar an fhairrge. Dubhairt an captaon leis go rabh siad ag dul cun an oileáin Úir, agus go mbeadh siad Mí ar an fhairrge. Bhí bórdaigh an chead duine ar an long le cois an mhuinntir a bhí ‘ga stiúradh.
Sheóladar leo ar feadh trí seachtmhainí agus bhí gach aon rud ag dul go maith go dtí oidhche amháin ‘d’éirigh stoirm. Bá mhillteanach an oidhche í. Shéid an ghaoth. Thoisigh na téadaí agus na láinéir i mbárr na gcrann a dh’fheadghailidh agus dh’éagcaoin go truaighbhealach mar bheadh siad ag iarraidh cuidighthe. Thosuigh adhmaidh na luinge ag gíosgadh ag ísliú, agus ag airdiú ‘un tosuigh agus ‘un deiridh.
Bhí crann mhór ag bogadh san seas. An long ag iarraidh snámh chomh maith a’s thiocfhadh léi. Tonnaí mhora millteannacha ghá mbriseadh fhéin go coiligneach ar a guailneacha agus ar a taobhanna. Bá chreathnach an oidhche í siud lé bheith ar ucht na dtonn.
Tionntuigheadh an long o thaobh go thaobh agus strócadh cuid mhór de na seóltaibh. Nuair a tháinig an mhaidín ní rabh ach an chrann - mhór seoil ‘na sheasamh, agus gan morán éadaigh air ach ‘oiread. Fá deireadh d’ísugh an t-anfadh. Tháinig fhaoiseamh ar an ghaoith. Shoillsigh an ghrían, agus i gcionn cúpla uair bhí an fhairrge chomh ciún, go sílfeá nach dtiocfhadh leithe éirghe comh feargach a’s bhí sí an oidhche roimhe ré. Ach faraor; bhí an diabhlaidheacht deánta.
Thoisigh siad uilig a chuiduighadh na seóltaí a chóiriú. Bhí an Chaptín ag tarraingt rópa chrann - an - t-seoil - mhóir,(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal