School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go mbainfeadh sé doire amach, agus go rabh sí cinnte go bhfhuigheadh sé long annsin, agus é imtheacht as an tír. “Na” ar sise “Ní bhfguighidh tú suaimneas ar bith inntí, mar tá na h-albanaigh ar dó thóir, agus tá rún acu tú mharbhadh, nuair a geobhas siad greim ort” Thug sí lón bídh do annsin agus sparán mhaith oir agus d’imthigh sé leis. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi an oidhche sin shrois sé doire.
Níor mhaith leis é fhéin a thaisbheant go soilear i ndoire, ar eagla go mbéadh duine ar bith ann a bhí ‘sa teach an oidhche a mharbh sé na h-albanaigh agus go n-aithneochadh siad é.
Ar an adhbhair seo chuaidh sé síos ceann dé na Cúl-shráideannaibh ag bhuail ag doras toighe Tháinig fear amach agus d’fiafruigh de caidé bhí a dith air.
Dubhairt an stócach gur deoraidhe a bhí ann, gan athair, gan mathair, go rabh loistín na h-oidhche a d’ith air, agus go ndíólfaidh sé ar a son. D’iarr an fear air theacht isteach cinnte agus go bhfhuigheadh sé loistín gan dadaidh. Tháinig sé isteach agus rinneadh réidh greim bídh do. Nuair a bhí an bídh caithte aige, shuidh sé cois na teineadh ag comhradh le fear a toighe agus le n-a bhean go raibh am-luighe ann. Annsin chuaidh an teaglach ar a nglúna leis an phaidrín a rádh. Tháinig a shaith iontais ar an stócach(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal