School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chlaidheamh do, agus d’fhág báidhte ‘na chuid fola é. Rith an fhear leónta síos, ach nuair a bhí sé ag teacht anuas ar dhoras an t-seómra thuit sé mullach a chinn - maol marbh.
“Bhí fhios agam gur cladhaire a bhí ionnat” arsa albanach mór eile nuair nach rabh tú ábalta an gasúr sin a mharbhadh. Rith seisean suas agus a chlaidheamh nochtuighthe aige. Shaol sé go rabh an gasúr sa leabaidh. Ach nuair a chuaidh sé suas ar an doras bhain an gasúr an ceann de le buille amháin agus thuit a cholann i mullach an fhir eile. Bhí an thríomhadh fear ag dul suas ach ní leigfeadh an Ceannphort dó. “Fág annsin é” ar seisean, mairbhfimíd doigh níos sásta é. Cuirfidh mé go Beál-Feirsde amáireach fá choinne gunnaí, agus annsin ní bhéidhmhíd i bhfad ‘cur deireadh leis.
D’imthigh siad annsin ach d’fág siad fear ar gárda ag doras an t-seómra agus claidheamh nochtuighthe aige. Sgríobh an cheannphort go Beál Feirsde fá choinne na ngunnaí, agus i gcionn cupla lá tháinig leith-chéad gunnaí chuige, agus órdú leis an ghasúr a sgaoileadh agus annsin ceathramhnaí a deánamh de agus iad a chur ar spící mar shompla ag na gaedhil eile, an rud a gheobhadh siad da leagadh siad lámh ar albanach.
Acht lá thar na bhárach, indiaidh an dá albanach a marbhuigheadh, d’éirigh an ghasúr le breacadh an lae, agus chuir a chirteach air. Annsin chuaidh sé ar a ghlúna, agus ghuidh-se Dia e a shabhail ó chuile dháinsear.(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal