School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 22

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 22

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 22
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí teampuill mhór taobh thíos daobhtha agus arsa darna gasúr.
    “Da mbíodh lán an teampuill sin d’ór agamsa bhéinn sásta ‘rith mó shaoghail”.
    Annsin tháinig am an stócaigh gaedhealaigh oidhche bhreagh Fhóghmhar ‘bhí inntí, agus na [Milluím]? réaltóg ‘san spéir, agus ar seisean. “Mó chreach! Agus mó Chrádh! nach bhfhuil saighduír gaedhealach faoi na chuid airm agus éididh agamsa os coinne gach réaltóg ‘tá san spéir sin anocht, agus da mbéadh leóga fhéin é ‘tá’s agam an t-órdughadh a bhearfainn daobhtha
    Annsin chuaidh siad isteach.
    Nuair a chuaidh siad isteach chuaidh an gasúr gaedhealach suas ‘un t-seómra le dhul a luighe. Ach súl a dteachaidh sé suas thug sé leis i n-gainfhios claidheamh a maighistiúra a bhí ar crochadh ar an bhalla, agus d’fág ar cholbha na leapthán é. “Tá fhios agam fhéin ar seisean go n-innseochaidh an dá ghasúr eile an t-athchuinge d’iarr mise, agus annsin tiocfar le mó mharbhadh. Ach bhéidh fear amháin agamsa ar scór ar bith”.
    Agus bhí an ceart aige Chomh luath agus tháinig an dá ghásúr eile isteach cheistigh an cheannphort iad. D’innis siad iomlán dó. “Ha! Bhí fhios agam sin” ar seisean “dubh-ghaedheal atá ann. Marbhuighidh laithreach é. Léim albanach mór ina sheasamh, bheir ar a chlaidheamh agus suas ‘un t-seómra leis. Ach nuair a bhí sé leath-béalaigh suas, thug an gasúr buille do’n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal