School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
Dunglow, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
An Leasmháthair agus Níonacha an Rí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí Rí agus bainríoghain (agus báin) ann aon uair amháin. Bhí (trí) triúr nighneach aca. (Bi) Fuair an bhainríoghain bás agus phós an Rí bean eile, ach bhí an leas-mhathair seo go h-iontach olc do na giorrsachaí.
Annsin ní rabh fhios (aca) ag an Rí caidé dheánfadh sé. Ins an deireadh chuir sé isteach ar oileán iad agus bheárfadh sé biadh isteach aca achán lá. Bhí dearbhrathair ag an leas-mhathair agus fathach a bhí ann.
Chuir an leas-mhathair sgéala chuige seo a theacht agus na giorrseachaí a thabhairt leis.
Thiocfadh an triúr giorrsach amach achan lá agus chaoinfeadh siad a mathair a fuair bás. Annsin bheadh fhios ag an Rí go rabh an triúr aca ann ar fad. Ach maidin amháin ní tháinig amach a chaoineadh ach beirt aca. Chuir an Rí ceist ar an bhean an rabh fhios aicí caidé a bhí ar an bean eile. “O” ar sise “béidh sí ag obair fríd an teach.
Bhí go maith as ní rabh go h-olc go

(continues on next page)
Collector
Pádraig Ó Gallchobhair
Gender
male
Informant
Pádraig Ó Dubhthaigh
Relation
grandparent
Gender
male
Age
76
Occupation
feirmeoir
Address
Meenamanragh, Co. Donegal
Language
Irish