School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 134
  3. XML “Beirt a Bhí Beo Bocht a Fuair Ór sa Choillidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chuid mór cupaí.
    Tháinig sé na bhaile an oidhche sin agus cupaí leis “anois” ar seisean le na bhean “nuair a imthigheas mise imbarach caithfidh tusa na cupaí sin a chrochadh amuigh ar thaobh an toighe go bhfeicidh tú an gceanneochaidh duine ar bith iad” “Maith go leor” arsa an t-seanbhean. “Deánfaidh mise sin” D’imthigh seisean ar maidín mar bhí ariamh. Nuair a d’imthigh an seanduine thug an sean(duine) bhean leithe na cupaí agus chroch sí amuigh ar thaobh an toighe iad.
    Tamall na dhiaidh sin tháinig séideán gaoithe agus bhuail í n-éadain a cheile agus rinn siad torraman.
    Shíl an t-sean-bhean gur dhubhairt na cupaí. “Tiocfaidh muid isteach agus muirfidh muid an t-seanbean. Le sin fein thug an t-seanbean leithe bata mór agus bhris sí na cupaí uilig “Anois” ar sise “an marbhuigh sibh mé”. An oidhche sin nuair a tháinig an seanduine bocht chuir sé ceist an rabh a shuipear reidh. “tá” ars’n t-seanbean anocht “ach ní bhéidh go brath arís” cad cuighe seo” ar seisean. “Tá” ar sise “dubhairt na cupaí go marbhuigeadh siad mé ach ba mhaith an mhaise
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Gráinne Bean Mhic Cnáimhsighe
    Gender
    Female
    Age
    36
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal