Bhí ríog agus bainríoghain ann aon uair amháin, agus ní rabh aca ach aon Inghean amháin agus bhí sí iongantach doigheamhail. Bheadh gasúr ar fastód aca ar fad, ach mhairbhfeadh siad gach aon gasúr aca agus chuirfidh a gceann ar spíce ins an gharraidh. Bhí go maith as ní rabh go h-olc go dtáinig gasúr aca a thuit i n-grádh le na nighean. Bhí fearg mhór ar an Rí leis agus ní rabh fhios aige caidé an leith-sgéal a gheobhadh sé leis an stocach a chuir ‘un báis. D’imthigheochadh an Rí a sheilg gach maidín. Lá amháin bhí an Rí ag gabhail ar shiubhail a sheilg agus d’iarr sé ar an stocach boitheach a glanadh nar glanadh le cead bliadhain. “Maith go leor dheánfaidh mise sin” arsa’n stocach. D’imthigh an Rí leis an lá seo mar bhí ariamh. Annsin thoisigh an stocach a ghlanadh an bhothuigh ach achan lán sluaiste a chaitheadh sé amach, thiocfadh da lán sluasad isteach. Ins an deireadh d’eirigh an stocach tuirseach de ghlanadh an bhothuigh. Acht le sin féin cé tháinig isteach ach nighean an Rí. Chuir sí a laimh isteach un na póca agus tharraing sí amach sluasad beag a bhí aici agus chaith sí amach an t-iomlán as an bhoitheach
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »