Bhí madadh ruadh na chomhnuidhe i n-áilt an Chorain aon uair amháin agus ba mhaith leis go mór da mbíodh sé istoigh ar an oileán a bhí os a choinne sé sin oileán Áranna. Lá amháin tháinig bád iasgairí amach as Árainn go h-ailt an Chorainn. Tháinig na fir amach as an bhád, agus suas go dtí na siopaí. Dar leis an madadh ruadh na mbéadh sé a furast fághail isteach an lá seo. D’imthigh sé le rása go rabh sé shíos fá ghiota de’n bhád agus shín sé é fhéin ar a fhad ar an talaimh agus leig air fhéin go rabh sé marbh. Nuair a tháinig na fir anuas go dtí an bhád bhí iongantas mór ortha Madadh Ruadh a fheiceail na luighe marbh.”Caith amach san fhairrge é”, arsa fear de na fir leis an chuid uile. “Ní chaithfidh mé é”, ars’n fear eile. “Bhearfaimid linn isteach un oileain é go dtí go bhfeicidh na daoine atá istoigh é.” Annsin bheir fear aca air agus chaith siad isteach i gceann an bháid é. Bhí an madadh ruadh ag eisteacht ar fad leis na fir ag cainnt. San deireadh chualaidh sé iad ag rádh “tá muid ag an phoinnte”. Nuair a
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »