School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
Dunglow, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
An Clochán Liath (Dungloe) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Áirde chupa cupla mám de’n iasg, isteach ar na leacacha lom. “Sin aca anois ‘s go dtachtaidh an diabhal iad”. Arsa Tadhg, acht ní rabh na focla as a bhéal i gceart aige nuair a stad an cheol go tobann agus siud arais fá na cluasa ar Tadhg a trí oiread glasain is a chaith seisean isteach chuig na daoine beaga. Ní dhearn sé dearmad de na sídheoga le na beo, agus níor locht sé na sídheoga go brath arís. Sgéal fíor é seo, muna bhfaca na h-iasgairí na sídheoga, chuala siad iad, agus chuala siad uatha.

Leathchead Sióg a Chonacthas i 1914. (Ó Ceallaigh a d'aithris). Má tá, chonnaic mise le mo shúile (cearc) cian ar amarc an oileáin ceadhna seo comhaireamh le dá scór aca idir ghleann fhaoth bearra agus an clochán liath. Tá bliadhain is fiche ó shoin ar an dómhnach dheirneach de mhí Iúil, beagan . sul ar thosaigh an Cogadh Mór. D'fhágamar an dubhcarraigh ( an dubhcarraich0 mé féin agus m'athair (go ndéanadh an rí a mhairt air- Fuair sé bás i gcionn a cheithre scór is comhaireamh fá Shamhain is chuaidh thart.) Chuiadh an beirt againn amach a iascaireacht fá na lochanna trathnóna an (trathnóna) domhnaigh seo: - i gceart lár an t-sléibhe culrosga i n-uaigneas na h-iargcúltsaht, breis is trí mhíle ó cró no ó chomhnauidhe. Ní rabh uisce ar bith ar na bric agus thuit an ghaoth orainn.

(continues on next page)
Collector
Doiminic Ó Ceallaigh
Gender
male
Age
41
Occupation
múinteoir
Address
Dunglow, Co. Donegal
Language
Irish