School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 104

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 104

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 104
  3. XML “Mar Beireadh ar an Mhadadh Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa chomharsanacht againne ar na h-agallaí bhí fear d’arb ainm Eoghan Shearluis, Bhí cuid mhór cearc aige, agus bhí an áit ithte le maidaidh ruaidhe agus ní b’measa na sin bhí sé ina chomhnuidhe ag bun an chnuic. Bhí dhá mhadadh aige agus bhí siad iontach drochainte, agus an choimeadach. Bhí na cearca ag imteacht agus ní rabh fios aca caidé bhí ag teacht ortha. Ach chonnaiceas é oidhche amháin, agus bhí shiuchra fá na choinne an dara h-oidhche. Fágádh boitheach (f) na gcearc fosgailte agus fágadh an dá mhadadh amuigh. Indiaidh iad ghabhail a luighe, chualaidh siad an tafant amuigh ag an bhoitheach. D’éirigh an bheirt (l) mac agus amach leo, fuair fear gréip, agus fear eile spád agus mharbh siad é no ní rabh bealach téidte aige. Lá thar na bhárach bhí páistí an bhaile cruinnigh ann go bhfeicfeadh siad é, agus ba é an spórt a bhí acu cé b’fearr a d’fágadh lorg slaite ina dhruim.
    Am eile rinne ceann aca poll fríd ceann cró na gcearc i dtoigh mó mhathair mhór, agus nuair a fosgladh an doras léim sé amach, agus d’imtigh sé. An oidhche na dhiaidh sin tháinig sé arís, ach bhí trap fá na choinne an oidhche. Bheir a ruball ann, agus tharraing sé an ruball as fhéin. Fuair siad an ruball sa trap ar maidín, agus bhí sé ar siubhal chuir sin deireadh bisean teacht a chomhair an bhotuighthe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. foxes (~151)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    82
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Mín na Gualanna, Co. Donegal