School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 103
  3. XML “Fear an Chéididh agus an Bhean Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann am amháin agus bhí sé ina chomhnuidhe ar an chéideadh. Ba gnathach leis a bheith ag áirnéal fá na toighthe sa chomharsanacht achan oidhche. Ach an oidhche seo nuair a bhí sé gabhail na bhaile, casadh an bhean air, labhair sé leithe ach ní chug sí freagra ar bith air. An dara h-oidhche gabhail na bhaile do, casadh air aríst í. Labhair sé léithe, ach níor labhair sise ar chor ar bith, agus bhí sé sgannruigh ní na h-iongadh. An tríomhadh oidhce bhí sí ag siubhail le na thaobh, dar leis fhéin béidh fhios agam-sa cé thú, agus tharraing sé an seal anuas de na ceann, agus dubhairt sí leis go mbéadh daor air
    Fá thuairim mí no mar sin na dhiaidh, Bhí lá an aonaigh ar an Clochán Liath agus bhí sé ann, agus nuair a tháinig an oidhce ní rachfadh sé na bhaile leobhtha, agus d’imhthigh sé amach bealach na gnoc, agus ag an loch-shalach, tháinig an bhean air agus thiocfadh le brighidh ní gabharán an sgreadach a chluinstin agus i na luighe ar a leabhaidh i bpoll cró bheithe. Ar maidín nuair a bhí na scolairí ag gabhail na scoile fuair siad é ar carnán cloch giota o’n bhealach mhór. Tá na clocha le feiceail san áit go foill go maith agus bhí ariamh, agus tá sé ar áit go h-uaigneach agus shiubhail duine ariamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. banshees (~369)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    67
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Loch Achair, Co. Donegal