School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
Dunglow, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
An Sagart ag Trá an Chéididh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí sagart ag gabhail treasna tráigh an chéididh, ar chuairt báis, bhí sé mall san oidhche, agus mar deirfeadh na seandaoine níl aon dhuine ar an domhan níos uaignigh na sagart. Níorbh fada go bfachaidh sé na trí solais ag teacht na dhiaidh, dá cheann iomlán, agus ceann beag. Stad sé agus d’amarc sé cupla uair ortha sul labhair sé focal ar bith, annsin chuir sé ceist orta caidé chug annsin iad, no caidé rud iad. Agus ba é an freagra a thug siad air go raibh siad ag teacht i n-áiricís a a máthara a bhí ag imteacht anocht. Chuir sé ceist annsin ortha cad chuige nach rabh (an) ceann aca go mór leis an mhuinntir eile, agus dubhairt siad gur dearbhrathair daobhtha a fuair bás agus na dtearnadh air a baisteadh [tuata]?.
Nuair a chualaidh sé sin, ní tearn sé ach a ríbín a chuir air, agus bhaist sé é, agus tháinig solas iomlán ann. Annsin lean siad un toighe é ach ní thiocfadh le duine ar bith iad a fheiceall ach an sagart é fhéin. Nuair a chuaidh an sagart isteach, bhí siad ar a nglúnaibh, ag rádh urnaighthe an bháis. Léigh sé tamhall fada os cionn na mná agus nuair a bhí sé ag imteacht d’iarr sé ortha gan a beith buadhartha. No ar seisean ba mheanair domsa agus díbhse da mbéadh muid san áit a bhfuil an bhean sin.

Collector
Pádraig Ó Gallchobhair
Gender
male
Informant
Aodh Ó Dubhthaigh
Gender
male
Age
56
Occupation
feirmeoir
Address
Ardmeen, Co. Donegal
Language
Irish