Tá comhaireamh agus cead bliadhain ó shoin, tháinig sagart (úr) coimhigtheach go pobal Cheann-Caslach. Tógadh sá taobh thoir de’n chondae é agus dá bhrigh sin ní rabh sé [cleachuighthe]? leis an iargcúltacht. Bhí sé de’n bháramhail go rabh bunadh na sléibhteach agus na mbeann leath i bhfiadháin. An chead domhnach eile, bhí teach an phobhail lán go dorais. Bá é an t-sean teach an phobal a bhí ann san am. Tamhall bliadhantach na diaidh (diad) sin, rinneadh teampoll úr, san am a dtáinig an Silesia isteach ún an cósta seo sa bliadhain 1856. Thart fán (am) t-sean teach an phobail a tógadh an t-arus úr. Nuair a cuireadh dían air leagadh an t-sean teach caitheadh amach na clocha ar an fhuinneoig, agus chuireadh balla thart ar an roilic leobhtha. Acht ba é -an saghart choimhightheadh - adhbhair ar gcomhraidh, agus an chead domhnach a léighidh sé aifreann ar Altar na Rosainn Iochtarach. Nuair a bhí an t-aifreann thart thionntuigh sé a aghaidh ar an phoball agus dubhairt leo’s “A phoball dé dheánfainn seanmhaoin díbh, da meosain go dtuigfeadh sibh mé” D’éirigh seanduine liath na sheasamh i lár an chruinnighthe agus labhair sé go fadalach ciún siosmaideach - “A Shagart de ma gnid sibh seanmaoin fa’n chreideamh, tuigfimid í agus ma gnid sibh seanmoin fa dia mólfaimid é”.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »