School: Ára Mhór (roll number 15995 or 16384)
- Location:
- Árainn Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Antoine Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ára Mhór
- XML Page 232
- XML “Seanscéal - Mic na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus an gráin uilig cruinnighthe isteach ins na mhalaí.
“Béidh sé cineál deachar sin a dhéanamh roimh mhaidín” ars an ghasúr. “Níl teacht as agat air anois” ars an fear. Thug sé leis an ghasur agus chaith se isteach ar an lafta é, agus chuir sé glas ar an doras taobh amuigh.
Tháinig an oidhche, agus ní rabh solus ar bith ag an gasúr bocht le na dhath a déanamh. Shuidh sé síos ann coirnéal de’n lafta agus thosuigh sé ag caoineadh. Nuair a bhí sé tamaill ag caoineadh thuit se thart le tréan codhlata agus níor mhothuigh sé a dhath go maidín.
Nuair a bhí sé ag tarraingt suas ar an mheadhon oidhche tháinig spideóg beag isteach ar pholl a bhí ar bharr an dorais fa choinne ar(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Nic Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- An Leadhb Gharbh, Co. Donegal