School: Dubhchoradh
- Location:
- Doochary, Co. Donegal
- Teacher: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhchoradh
- XML Page 341
- XML “Bó Bhradach Ghleann Domhain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do’n fhear é. Ar maidin lá thar na bhárach d’imthigh an fear go h-aonach Leitir Ceannain leis an bhuin. Casadh fear air ag bun an bhaile móir agus thug sé ocht bpunta do ar an bhuin agus d’iarr air í a fhágailt ag ceann an bhaile mhóir dó. Nuair a bhí sé i lár an bhaile moir casadh fear eile do agus thug an fear sin ocht bpunta do ar an bhuin fosta agus d’iarr air a fágailt san áit ceadna. D’imthigh sé leis agus casadh fear eile air agus thug seisean ocht bpunta de an a bhuin agus thug sé leis í. Nuair a bhi sé ag dul síos an baile mór casadh fear air agus dubhairt sé gur leis fhéin an bhuin.
Thoisigh an trúir a throid agus thoisigh gach aon duine aca a thabhairt leis an bhuin. Sa deireadh tháinig na gardaí agus chuaidh siad a cuartughadh an fear a dhíol an bhuin agus fuair siad greim air. Lá thar na barach cuireadh fiachail air ach nuair a chuirfidhe ceist ar bith air sé an rud a thúseochadh sé a cheól agus ba é an deireadh a bhí air gur iarr an breitheamh ar an fear a bheith ar siubhal agus an bhó a thabhairt leis. Tháinig an fear na bhaile agus an bhó agus a luach leis.- Informant
- Séamus Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Doire na nAspal, Co. Donegal