School: Dubhchoradh
- Location:
- Doochary, Co. Donegal
- Teacher: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an Pobail agus chuaidh sé isteach.
Nuair a bhí an sagart ag léigheadh an Aifrinn bhain sé a chóta de agus chaith sé ar ghath gréine í agus choinnigh an gath suas í. Lean sé iad an dara lá mar a gcéadna. Nuair a bhí siad fá ghiota de theach an Phoball chualaidh sé beirt bhan ag diospoireacht agus sheasuigh sé ag eisteacht leobhtha go rabh sé mall. Rith sé annsin go rabh sé ag teach an Phobail. Nuair a chuaidh isteach bhain sé de a chota agus chait sé ar/ghath gréine í ach thuit sí go talamh.
Nuair a bhí an t-Aifreann thart d’iarr an Sagart air a teacht cun cainnte leis. Nuair a chuaidh sé go dtí an (Sagai) Sagairt. D’fiaruigh sé do goidé an peacadh a bhí déanta aige indiú nach rabh deanta aige Dia Domhnaigh a chuaidh thart. Dubhairt seisean go rabh sé ag éisteacht le beirt cailleach ag diospóireacht. Annsin dubhairt an sagart leis go gcaithfeadh sé seasamh i láir na h-abhna go bh’fasadh crann glas amach as mullach a chinn nó nach dtiocfadh leis maiteamhnas fhághal go dtí go n-déanamh sé sin. Nuair a bhí sé amuigh tháinig(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Gender
- Female
- Age
- Over 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal