School: Dubhchoradh
- Location:
- Doochary, Co. Donegal
- Teacher: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chonnaic Diarmud an t-iomláin agus siocar nach raibh sé fhéin in innimh dadaidh de’n séort a dheánamh, thosuigh sé ag meabhrughadh leis fhéin agus ag mairgnigh; “O! faraor geúr, is mé an bráthair bocht gan úsáid. Ó is mé atá gan stuaim, gan stuidéar, gan léighinn, gan fóghluim. Cha dtig liom-sa leabhar a sgríobhadh ná seaninóir a dheánamh chum d’onora-sa á Mhuire Mháthair dar thairg mé grádh mó chroidhe. Cha dtig liomsa an dealbh do dheánamh, nó dán a chumadh. Faraor geur! Is mé tá ainbhfiosach. Is mé tá gan [mhaith],? gan úsáid annseo. Níl tiodlaice ar bith agam-sa faraor.
Is mar seo bhí Diarmud ag mairgnigh agus ag éirighe níos bronaighe ó lá go lá. A Dhiarmuid ba thú bhí eadtrom, aerach, aigeanta an lá tháinig tú ‘na máinistreach. Caidé d’éirigh duith? Cad fáth an t-athrú mór seo?
Cha raibh Maighistir na Noibhíseach gan an t-athrú seo thabhairt fa deara, nó is gnáthach go mbíonn radharc(continues on next page)- Collector
- Maighread Bean Mhic Amhlaoidh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- An tAthair Urramach Criostóir Mac Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Sagart