School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Éanna
- XML Page 208
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus ní rabh de theach aca ach iad na gcomhnuidhe faoi chlaidhe. Lá amháin d'iarr sise airsan imtheacht a iasgaireacht.”
Bhí fear ann aon uair amháin agus ní rabh de theach aca ach iad na gcomhnuidhe faoi chlaidhe. Lá amháin d'iarr sise airsan imtheacht a iasgaireacht. Fuair sé a shlat agus a ruaim agus shín leis go dtí an loch. Chaith sé an ruaim amach agus ní rabh ibhfad go rabh aige “breac dearg agus dubh. “Nach marbhaidh mise”, arsán breac no is mac rí mé atá curtha faoi gheasaibh. Dimthigh seisean na bhaile agus d’inis díthise caidé mar a tharlaigh. “Imthigh” arsa sise agus dhiarr ar an bhric theach a dhéanamh dúinne. “D’imthigh agus d’inis an sgéal dón [bhreac]? “Gabh na bhaile” arsan breac agus béidh gach rud ceart go leór”
“Cuaidh” bhí gach rud mar a dubhairt an bhreac. Níl mise sásta go (spois) fóill, caithfidh mé caisleán [a fagháil]? D’imthigh seisean agus d’innis don [bhreac]?(continues on next page)- Collector
- Brian Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male