School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Éanna
- XML Page 204
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bíonn giota beag [inne]? leobhtha. Annsin Gearann an Cathalach a chos a baineann sé rud beag fola amach cumalann sé an fhuil ar an t-im. Cuireann sé an t-iomlán ar an ruadh agus annsin fághann siad biseach.
Tá leigeas ag fear dair’b ainm Concubhar Mac Gaothin do leamhan. Léigeas leamhanta an t-ainm atá air. Seo an dóigh a gníd siad é no cuireann sé sniómh sioda thart aran bhall atá leamhanta agus deirean sé focla eiginteach. Ni mháitheann duine ar bith cáidé atá sé e a radh. Thigean an leigheas anuas ó threis go treis ariamh anall.
Thig le duine ar bith sníomh na péiste a deanamh. Leígheas atá ann fa choinne ealach. Thigeann boilg mór ar an ainmhidhe agus gnídheach duine eiginteach an sníomh le snáithe ola os cionn a bheathaidheach trí huaire. Annsin fághann an beathadhach biseach.
Duine ar bith a liagheann druim an “Forc Sléibhe” le na teanga tá léigheas aige do dhóghad. Cumalann sé a theanga dón bhall atá dáighte agus tamall na diaidh sin fághann sé biseach- Collector
- Brian O Dubhthaigh
- Gender
- Male