School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 143
  3. XML “Adh, Mí-Ádh, Comharthaí srl.”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Adh mí-ad comhartaigh agus Ri
    Gearrfhiad -: Ma tá duine ag gabhail ar aistir iongantach fada agus gearrfhiad a bhéit ar an bealach mhóir roimhe deirtear go mbéidh droch adh air irith an aistir uilig. Ma bhíonn rothhair inusaid aige. B’feidir go dtuitead sé agus go mbrisead se a mhuinnéal. Muna dtuitead sé b’feidir go mbrisfead an an rothair air agus go gcaiteadh se an cuid eile de’n aistir a siubhal. Dá mbéad duine ag gabhail a imirt cardaí agus girrfiadh a ghabail treasna an bealaigh mhóir roimhe béid droch ar an duine sin.
    Cat Dubh -: Da gcásfaidh cat dubh ar duine agus an duine sin ag gabhail ar turas ta sé raidhthe go mbéidh droch rath ar an duine sin tríd an aistir. Séo sgeul a fuair ó sean duine san ceanntar seo. Bhí bean agus fear ann am amháin agus bhí siad ag fhágail an phinnsíun. Bá gnthach le fear de na mic [a togail] an pinnsíun a thógáil daobhtha. D’imthigh an chuid is mo de buachaillí an bhaile go hAlbain agus ba mhaith leis an gasúr seo imteacht fosta. Ní rabh fhíos aige caide’n dóigh a bhfuigh se ar siubhal. Smaointigh sé ar plean le fhághail ar siubhal la amháin. Dia Aoine amháin chuaidh sé go Oifig an Puist leis an pinnsíun
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish