School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Taidhbhsí, rudaí neamh-shaogalta, chomharthaí, an bhean sidhe.Is beag ceanntar i nÉirinn nach bhfuil sgéaltaí den chínéal seo ann agus ní taise do Gaedealtacht Tír Chonaill é. Níl droichead no píopa ann nach bhfuil a thaidhbhse fhéin ann. Tá piobaire sidhe ins an bheinn ud agus solus taobh d’en abhainn. Connaicteach toirt agus colainn gan ceann ag an leachta A leithéidi sin de sgealtaí ata go minic le cluinnstin i coir teineadh ins an geimhreamh san ceanntair seo agus i morán áiteacha eile ar fud na hÉireann.
Seo a leanas cunntas a fuair o sean duine do chuid an bhaile fa taidhbhsí agus a léithidí. Na buic oga ata ag éirigh aníos anois ní mo no go neisteocadh siad leat agus tú ag cainnt ar taiseannaibh soluis agus comhartanna neamh shaogalta.
Nuair a bhí mise og a taischidh agus can indíu no indé sin bhéad eagla ar gcroiceann orainn i lár an lae agus muid ag gabhail ar bealach uaigneach no ag buachailleacht faoí beannaibh no in ait uasal d’en chinéal. Can e sin do an dream atá ag gabhail anois Tá siad sean aimhseardha ó fhághainn siad an cliabhán acht an méid a gnothuigh siad ar an bealach sin tá sé caillte acu ar bealach eile.
Tá mé mo seanduine ag tuitim ar mo bhata agus ní cuimhne liom taidbhse a fheichéal go acht níl me liom fhéin mar sin. Ar ndóighe is iomhda sin solus a connaic mé act níl dochair ar bith ionnta sin. Bhí da oganach san ceanntar biod siad ag deanamh soluis ar fad.(continues on next page)