School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 131
  3. XML “Seán agus a Mháthair Anna”
  4. XML “An Gasúr Freastala”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Annsin cuir sé cumhdach de duilleogaí ar. Caith sé an spád ar an doras agus d’imthigh i bhfolach. Nuair a mothuigh an fhathach ar tormn rith sé amach agus a chlaideamh leis ina lámh. Rith sé isteach sa pholl agus bhrís sé a mhuinéal. Bhí Seaghan a amharc ar tuitim isteach. Rith sé, fuair greim ar ar claidheamh agus ghearr an ceann den fhathach. Cuaidh sé isteach sa Caisléan cuartughadh é agus fuair mála óir. Fuair sé greim ar an mhala cuir ar a druim é agus leis na bhaile. Tá Seaghan agus a mháthair saidhbhsir ón lá sin go dtí an lá indiu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An gasur freastala.
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí i na comhnuidhe leis fhéin i dteach bheag faoi’n cnoc. Smaointigh sé go bposadh sé agus pós. Seachtmhain na diaidh sin posad an lanamhain i dteach an pobhail. An oidhche sin bhí bainfhéis acu a mhair lá agus bliadhain agus ba fhearr an oidhche deireannach no an chead oidhche. Nuair a bhí se cupla bliadhain postá rugadh mac daobhtha lá amháin. Bhí siadiongantach curamhach fan gasúr seo. Bhí sé ag éirigh mhór do réir a chéile agus ba gnathach leis a gabhail amach ar an fhairrge le na athair san curach a bhí acu. Lá amháin bhí an bheirt acu ag gabhail síos ‘un a cladhaigh agus casad fear ortha. Labhair an bheirt leis agus nuair a bhí tamaill comhraid deantá acu d’fiafruigh an fear daobhtha a mbead fhios acu caide’n ait a geobhad sé buachaill óg le buachailleacht do. Smaointigh siad go cionn tamaill acht ni rabh fhios acu duine ar bith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Dubtaigh
    Gender
    Male