School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 109

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 109
  3. XML “An Gasúr Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é, a leigheasfadh duine ar bith is cuma ce’n galar a béadh air. Nuair a bruighfidhé an cnaiphe a bhí ar an chrios ritheadh an t-ór amach mar béadh uisge ann. D’fág an gasúr slán acu agus d’imthigh leis na bhaile. Siubhal sé leis go dtáinic deireadh an lae chonnaic sé solus i bhfad uaidh agus in neas do agus tarraing air. Chuaidh sé isteach agus d’iarr loistín. Fuair sé loistín agus ar maidín láe ar na bhárach chuaidh sé i gcionn an bealaigh. Tráthnóna an lae sin tháinig sé fhad le na theach fhéin. Chuaidh sé isteach agus chuir a mháthair míle fáilte roimhe. D’iarr sé dinnéir a deanamh réidh do. Ó arsa an mháthair níl aon greim bidhe faoi ballaibh an toighe agus thoisigh sí ag caoineadh. Bhal tá neart liomsa. D’iarr sé ar an bhata dinnéir a deanamh réidh do fhéin agus a mháthair. I gcionn bomaite bhí an tábla a ba dheise do chonnaic súil araimh. Shuidh an bheirt síos agus d’ith siad a sáith. Indiaidh sin dubhairt sí gur maith léithe grainín airgid a béith aicí. Bhain sé de an bheilt bhrúigh an cnaipe agus tháinig an t-ór amach mar béadh uisge ann. Bhí iongantas an domhain ar an mháthair nuair a choinnaic sí an t-ór ag teacht amach. Bhí dóigh bhréagh ortá anois agus bí an gasúr ag spáisteóracht thart. Lá amháin smaointigh sé ar theach a cur suas. D’fhág sé annsin é go dtiocfadh an amsir mhaith. Bhí inghean ag an rí agus bhí sí tinn. Bhí galar millteanach uirthi nach dtiocfadh le doctúir ar bith a leigheas. Beirfeadh an rí í le pósadh do dhuine ar bith a leigheasfadh í. Smaointigh sé go rachfadh sé chúig an rí leis an inghean a léigheas. Bhí garrda tart air ar theach an rí agus ní leigfeadh siad isteach é. Cuireadh sghéala chuig an righ agus thug an righ chéad do a gabhail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    Language
    Irish
    Collector
    Brian Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Donaidhe Liam
    Gender
    Male