Scoil: Acres (uimhir rolla 10827)

Suíomh:
Na hAcraí, Co. Donegal
Múinteoir:
Eilis Ní Dhomhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 74

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 74

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Acres
  2. XML Leathanach 74
  3. XML “Oíche na Marbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche na Marbh.
    Bhí fear agus a mhac in a gcomhnuidhe lé chéile fád ó shoin, agus bhí an mháthair marbh.
    Ar Oidhche na Marbh shíl an gasúr go dtiocfadh a mháthair agus chuir sí bamhal bruitín taoibh amuigh de’n doras.
    Chualaidh na comharsáin an sgéal, tháinig siad agus d’ith siad gach pioc de’n bhruithín. Nuair a d’éirigh an gasúr ar maidín an lá tár na bharach bhí an bruitín ithte, agus dubhairt sé lé na thair go rabh an bruithín uilig ithte, agus nach rabh a saith aicí.
    Bliadhain na indiaidh sin ar Oidhche na Marbh chuir an gasúr pota bruitín taoibh amuigh de’n doras chun a mháthara a tharraingt aráis arís chun é lé h-ithe, acht níor chuaileadh na comharsáin an sgéal agus níor tháinig siad.
    Nuair a d’éirigh an gasúr maidin an lá tár na bharach ní rabh lán dé spanóig amach as a fhota, agus dubhairt an gasúr lé na athair go rabh sé marbh arís, agus ní chuir sí bruitín amach ó sin amach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirgeadh Ní Cnáimhsighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    Cnoiceach Mór, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Bean Mhanúis Uí Cnáimhsighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Cnoiceach Mór, Co. Donegal